SEIRBHÍSÍ IARSCOILE - ÁISEANNA na hÓIGE
Cuireann Áiseanna na hÓige cúram ar fáil as Gaeilge do leanaí bunscoile as scoileanna na dúthaí. Tá an cúram so ar árd‑chaighdeán, agus ar fáil ar phraghas réasúnta.
Bíonn an tseirbhís seo ar fáil le linn téarma na scoile; tá seirbhís bus ann chun na leanaí a bhailiú ón scoil. Bíonn cúnamh ar fáil leis an obair bhaile mar chuid don seirbhís, chomh maith le gníomhaíochtaí imeartha spórtúla, agus béile folláin. Bíonn an cúram so ar fáil déanach sa tráthnóna, go dtí 6:15 tráthnóna.
Chomh maith leis an gcúram tar éis scoile, cuirimíd campaí ar bun um Cháisc, um Oíche Shamhna, agus ladhar campaí sa tsamhradh (ag brath ar na huimhreacha agus ar an soláthar).
0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.