Ard na Gréine, an Daingean | This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. | 0669152889

Seirbhísí Tacaíochtaí Clainne

CAD TÁ i gCEIST le TACAÍOCHTAÍ do THEAGHLAIGH?

Ní haon chúram simplí é a bheith i d’athair nó i do mháthair linbh, ag aon chéim de shaol na leanaí. Cuirimíd‑ne romhainn tacaíocht a thabhairt do gach éinne atá ag tógaint leanaí go mbeadh comhairle nó treoir uathu, mara mbeadh uathu ach an comhrá féin.

I gcomhpháirt le TUSLA, cuireann Áiseanna na hÓige seirbhís rúnda príobháideach ar fáil, saor i n‑aisce, ar bhonn duine amháin le duine amháin, as Gaeilge nó as Béarla. Is féidir teacht ar thacaíochtaí trí chreatlach an MHEITHIL, gur cur chuige ar leithrigh é chun cabhrú le leanaí is lena muintir a gcuid neartanna agus a gcuid riachtanaisí a aithint agus freastal orthu go tráthúil. Seo roinnt shamplaí dosna dúshláin go n‑oirfeadh Meitheal dóibh:

·         Fadhbanna a bheith ag an leanbh ar scoil

·         Leanbh a bhraithfeadh íseal ann féin

·         Gan an leanbh is a mhuintir a bheith ag réiteach lena chéile

·         Fadhbanna sa teaghlach

·         An bhreoiteacht is an bás

·         Droch‑iompar

·         An caidreamh le do leanbh féin

Chun teacht ar a thuilleadh eolais mar gheall ar MHEITHEAL agus ar an gcuma a oibríonn sé, tabhair cuairt ar shuíomh TUSLA.

AN MÉID a CHUIREANN ÁISEANNA na hÓIGE ar FÁIL

Tacaíocht don dteaghlach, ar bhonn duine amháin ag caint le duine amháin, mar a bhféadfaimís cabhrú libh teacht ar sheirbhísí eile do bhur leanbh, ar nós teiripe imeartha, comhairleoireacht, nó seirbhísí eile. Más amhlaidh atá tacaíocht ag teastáil uait féin, nó ó dhaoine ar d’aithne, tair i dteangmháil linn i Rannóg Tacaíocht na dTeaghlach. Ag bun an leathanaigh seo, tá liosta de shonraí na ndaoine cairdiúla tacúla atá ag obair i gcúrsaí tacaíochta sa tigh seo againn‑ne. 

Parents Plus- Cursaí Tuismitheoirí

Tá ár gclár Luathbhlianta praiticiúil, dírithe ar réitigh agus tarraingíonn sé ar láidreachtaí tuismitheoirí agus tá sé oiriúnach d thuismitheoirí leanaí idir 1 agus 6 bliana d'aois, lena n-áirítear leanaí óga a bhfuil riachtanais bhreise acu. Tá sé solúbtha agus is féidir é a sheachadadh thar 6-12 seachtaine i ngrúpaí beaga nó le daoine aonair. 

Breis eolas ó Mary Barrett 0857261796 nó ón ionad 0669152889

To top

Gach clár af fáil ar 066 9152889

Teagmhálacha lárnacha

Róisín Mc Kenna

(Bainisteoir Ionad Acmhainní Teaghlaigh)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Fiona Nic Gearailt

(Comhordaitheoir Tionscadail)

0879869746
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Barrett

(Oibrí Tacaíochta Teaghlaigh)
0857261796
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Mary Ní Shé

(Stiúrthóur Naíonra an Daingin)
0852094445
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Gemma Durrant

(Úinéir Mol An Óige)
0860442114
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.